Seachtain na Gaeilge 2017 @ SPC

Rinne Coláiste Naomh Peadar ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i lár Mí Márta. I measc na n-imeachtaí, bhí tráth na gceist, seó tallainne, céilí, rinceoirí Gaelacha ag an tionól, ceol tradisiúnta ag an tionól agus tóraíocht taisce ag am lóin. Bhí an-chraic ag gach éinne agus bhí neart duaiseanna buaite chomh maith.

Ghlac gach éinne, idir daltaí agus foireann na scoile, páirt sna himeachtaí éagsúla agus dar ndóigh, chleachtaigh siad an ‘cúpla focal’ atá acu. Ár mbuíochas go speisialta le coiste Sheachtain na Gaeilge ón Idirbhliain.

Seachtain na Gaeilge 1

Seachtain na Gaeilge 2

Seachtain na Gaeilge 4

Seachtain na Gaeilge 5

Seachtain na Gaeilge 6